Croke Park | Tabhair Cuairt Orainn | Turais Staidiam Pháirc an Chrócaigh

Turais Staidiam Pháirc an Chrócaigh

Cuir eolas ar ghaiscí laochra spóirt na hÉireann sa Turas seo ar Pháirc an Chrócaigh !

 

Fáigh léargas ar dhúchas na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh !

Le breis agus 100 bliain tá baint lárnach ag Páirc an Chrócaigh le stair agus le saol spóirt agus cultúrtha na hÉireann. Tabhairt cuairt ar an áit agus bain spraoi as na cluichí idirghníomhacha nua-aoiseacha. Cuir eolas ar Chluichí Náisiúnta na hÉireann, ar an bPeil Ghaelach agus ar an gcluiche-páirce is tapúla ar domhan – an iománaíocht.

Téigh go Páirc an Chrócaigh agus cuir eolas ar an gcaoi a mbuaileann cuisle-spórt na hÉireann. Seas sna seomraí feistis san áit a mbíonn na laochra móra, sula siúilfidh tú ciumhais na páirce. Suígh síos sa bhosca ina mbíonn na daoine móra le rá. Téigh go barr an tseastáin agus bain lán do shúl as an bpáirc atá 30 méadar fút.

Tabhair cuairt ar an Músaem, áit a bhfuil gailearaithe taispeántais nua a léiríonn go soiléir scéal na gCluichí Gaelacha ó thús aimsire. Tástáil do chuid scileanna peile agus iománaíochta féin ar na cluichí idirghníomhacha – cuma óg nó sean tú !

Amanna na dTuras

Eagraítear turais threoraithe ar Staidiam Pháirc an Chrócaigh i rith na bliana, mar a leanas.**

Eanáir go hAibreán agus Meán Fómhair go Nollaig

Luan go Satharn: 11.00, 13.00 agus 15.00
Dé Domhnaigh: 11.00, 12.00, 13.00, 14.00 agus 15.00

Aibreán go Meitheamh

Luan go hAoine: 11.00, 13.00 agus 15.00
Dé Sathairn: 10.00, 11.00, 12.00, 13.00, 14.00 agus 15.00
Dé Domhnaigh: 11.00, 12.00, 13.00, 14.00 agus 15.00

Iúil go Lúnasa

Luan go Satharn: 10.00, 11.00, 12.00, 13.00, 14.00, 15.00 agus 16.00
Dé Domhnaigh:  11.00, 12.00, 13.00, 14.00, 15.00 

**ní eagraítear an gnáth-thuras staidiam ar laethanta cluiche/imeachta – féach na himeachtaí a tharlaíonn i Músaem CLG laethanta na gcluichí.

 

Turas a Dhéanamh

Iarrtar ar gach pátrún na nithe seo a leanas maidir leis an turas a nótáil:

• Leanann an turas ar aghaidh timpeall ar uair an chloig agus fiche nóiméad. Maireann an turas féin timpeall ar uair an chloig agus taispeántar gearrscannán A Sunday in September roimhe (20 nóiméad).
• Moltar bróga compordacha agus éadaí teo a chaitheamh ar laethanta fuara.
• Nótáil go mbíonn cuid mhaith siúil i gceist sa turas agus go mbíonn céimeanna, fánáin agus staighrí beo i gceist ach nach mbíonn ardaitheoirí.
• Ní foláir do phátrúin fanacht leis an treoraí turais i rith an turais ar fad.
• Ní ceadmhach in imthosca ar bith dul isteach ar an bpáirc imeartha.
• Bíonn na turais go léir oiriúnach le haghaidh daoine i rothchathaoireacha.
• Ní foláir do ghrúpaí 20 duine nó níos mó réamháirithint a dhéanamh.
Ionad oibre is ea Páirc an Chrócaigh agus oibrítear na turais staidiam i rith na bliana. Uaireanta, mar sin, féadfaidh an sceideal broidiúil imeachtaí sa staidiam cur isteach ar na turais.

 

Opening Hours
Mon-Sun: 9:30 - 17:00